2025-05-05

as VÉARSAÍ NA mBAN RIALTA



Thig 1.13  

Do the Buddha’s bidding, 
you won’t regret it.
Having quickly washed your feet,
sit in a discreet place to meditate.

Lean treoracha an Bhúda,
ní bheidh cathú ort.
Tar éis duit do chosa a ní go gasta
suigh i gcúil éigin is déan do mhachnamh.


Thig 1.16  

 Sleep softly, old lady,
 wrapped in the cloth you sewed yourself;
 for your desire has been quelled, 
you’re cooled and quenched.

Codladh sámh, a sheanbhean uasal,
san éadach a d'fhuaigh tú féin;
tá do dhúil curtha faoi chois agat,
fionnuar ataoi, múchta.

Thig 1.17  

I wandered for alms though feeble, 
leaning on a staff.
My limbs wobbled
and I fell to the ground right there. 
Seeing the danger of the body,
my mind was freed.

Amach liom go lagchosach ag lorg déirce,
maide agam mar thaca.
Lúb na cosa fúm
agus thiteas láithreach ar an talamh.
Nuair ba léir dom an cholainn seo a bheith i mbaol
Go tobann, saoradh m'aigne.


2025-05-04

Sri Nityananda


he walks
beneath the stars - his companions
Sri Nityananda

siúlann sé
faoi na réaltaí - na compánaigh aige
Sri Nityananda

 
   él camina
  bajo las estrellas - su compañía
  Sri Nityananda
                                  
(Spáinnis: Patricia Jiménez)

    he danders
    aneath the sterns - his billies
    Sri Nityananda
                                
(Béarla na hAlban: John McDonald

2025-05-03

Teachtaireacht /message


Message from the Pope


     I won't be calling Gaza 
     every night
     as Francis did
     You see,
      there won't be any Gaza

     Teachtaireacht ón bPapa


     Ní bheidh mé ag glaoch
     gach oíche ar Gaza
     mar ba nós leis an bPápa Proinsias a dhéanamh
     An dtuigeann tú
     ní bheidh rian ar bith de Gaza ann  

No estaré llamando a Gaza
todas las noches
como hizo Francisco
Ya ves
no habrá más Gaza.
                    
 (Traducido por Patricia Jiménez de Monteverde, CR.)

2025-05-01

Rún

 (après John Agard)


Inis do rún dom
Ní inseoidh mise é d'éinne
Beidh sé i bhfolach agam i dtobar gréine.

Inis do rún dom, oscail do bhéal!
Ní déarfaidh mé focal,
Ní scaipfidh mé an scéal.

Inis do rún dom
Nílimse chun faic a rá,
Beidh mo bhéilín dúnta mar bhairneach cois trá!


2025-04-30

Cnámha Éisc

 (après Matthew Sweeney)


Cnámha éisc i mbosca bruscair bréan.

Cloigeann, cnámh droma, rubaillín - fuar.
Tiocfaidh na cait go luath.

Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.
 
Siar leis go dtí an t-am
a raibh sé ramhar
agus te ar phláta.
Sú líomóide, anlann,
cúpla práta.
Fear agus scian aige -
scian a sháite.

Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
Lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.

Siar leis go dtí an reoiteoir
Gríscíní feola
bia reoite.

Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.

Siar leis agus é gafa i líon
na n-iascairí; bhíodar séidte -
é féin agus éisc eile ina gcéadta.


Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.

Siar leis agus é ag scinneadh tríd an sáile
leis na bradáin is na smugairlí róin,
tonnta ag gáire
grian agus báisteach.

Thaitin se leis anois a bheith mar a bhí
gan aon imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
i saol na mbrionglóidí.

2025-04-29

Nithe a Fuarthas i bPóca Mairnéalaigh Longbhriste

 (après Ian McMillan)

Lítear sáile.
Smugairle róin míshásta.
Blúire beag de bhád tarrthála.
Peann luaidhe agus feamainn casta timpeall air.
Cleite báite.
An chéad leathanach de leabhar Snámh go hÉasca.
Cairt fhillte a léirigh carraigeacha dainséaracha.
Grianghraf de chailín beag agus gúna dearg uirthi.
Bonn óir.
Litir ó mhaighdean mhara.

2025-04-28

Amhrán na gCrann

 le file den treibh Chippewa


níl eagla orm
roimh aon ní
seachas an ghaoth