1. |
Cailleach (Intro)
01:22
|
|||
2. |
Cailleach
03:40
|
|||
|
I
Ag a casadh cam na Feadarnaí ar ghabháil isteach sa sliabh duit,
Ar thaobh na láimhe deise duit bhí tigh na Caillí Riabhaí.
Curfá
With a ma-ring-a-doo-a-day, with a ma-ring-a-doo, a dadaí- ó
II
Bhí Bunnaí-chinn is Bannaí-chinn is Neidí bheag a’ tsliabh’ ann;
’Sé Velvet bocht a d’arsódh duit ‘cá mbíonn an Chailleach Riabhach?’.
III
Ba ríon na mban mómhar í ’s banríon na mban siabhrach;
Is de réir mar déarfeadh na dailtíní ba chumhartha Charn tSiail í.
IV
An oíche roimh’ mhí Shamhna ag an tarraingt mhóin an Tiarna;
Bhí Neansaí Gabha is na gasúirí ag creach na Caillí Riabhaí.
V
Bhí Cionanach ag an doras, Ó hArbhasaigh taobh thiar de,
Is bhí iníon na Caillí Giopaí agus a máthair ag iarraidh déirce.
VI
Dá bhfeicfeá Micheál Ó Bannaí-chinn is é ag imeacht lena chliabhán,
Ag cruinniú ábhar tine lena ‘dandy-cap’ a ghrianú.
|
||||
3. |
Cad É Sin
04:52
|
|||
|
I
Chuaigh mé chun aonaigh 's dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin don te sin nach mbaineann sin dó?
II
Má théim go Coill Chraobhach 'cruinniú sméara nó cnó
A baint ullaí do ghéaga nó a bhuachailleacht bhó
Má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad é sin don te sin nach mbaineann sin dó?
Má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad é sin don te sin nach mbaineann sin dó?
III
Má théimse chuig airnéal 's rince 's spórt
Chuig aonach ‘s rásaí, 's gach cruinniú den tsoirt
Má chím daoine súgach, 's má bhím súgach leo
Ó cad é sin don te sin nach mbaineann sin dó?
Má chím daoine súgach, 's má bhím súgach leo
Ó cad é sin don te sin nach mbaineann sin dó?
IV
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh
Gan earraí, gan éadal, gan bólacht nó stór
Má tá mise sásta mo chónaí i gcró
Ó cad é sin don te sin nach mbaineann sin dó?
Má tá mise sásta mo chónaí i gcró
Ó cad é sin don te sin nach mbaineann sin dó?
|
||||
4. |
Bean Udaí Thall
05:17
|
|||
|
I
A bhean udaí thall a shíogó
A shúil an trá seo a hóró
Nach trua leat bean ó húire ceoidh
Sí dhul mo bhádh i mBaile Leoil
II
Ó, níl mo dháimh leat a shíogó,
Ná mo pháirt a hóró,
San uair nach bhfuil fá húire ceoidh,
Bheirfinn céad slán duit i mBaile Leoil
III
Tá mo ghruaig gheal bhuí a shíogó,
Greamaithe don fheamainn a hóró,
‘S mo bhrollach geal bhán mar chúr na trá,
Ag ól an taoide i mBaile Leoil
IV
Ó tiocfaidh m’athair a shíogó,
Anuas fán chladaigh a hóró,
Is gheobhaigh sé mise i mhuireadaí,
‘S mé ag ól an tsáile leo
V
Ní thiocfaidh d’athair a shíogó,
Anuas fán chladaigh a hóró,
Ná dtiocfaidh mé féin ag bánú an lae,
Ag scaoiladh na gcáslaí i mBaile Leoil
VI
Tá leanbh beag agam a shíogó,
I gceann trí ráithe a hóró
Is leanbh eile i húire ceoidh,
I gceann na ráithe i mBaile Leoil
VII
‘S beidh leanbh beag agam a shíogó,
I gceann trí ráithe a hóró,
Is beidh leanbh eile ó húire ceoidh,
I gceann na ráithe i mBaile Leoil
VIII
Ó mise an bhean óg a shíogó,
A rachas i d’áitse a hóró,
Beidh béithigh geala ó húire ceoidh,
Is fuinneogaí gloine i mBaile Leoil
IX
Tabhair mo bheanacht a shíogó,
Ansoir mo mhathair a hóró,
'S beannacht eile ó húire ceoidh,
Ag athair mo chlainne i mBaile Leoil
|
||||
5. |
||||
6. |
Dúlamán
03:29
|
|||
|
I
Dúlamán na binne buí, Dúlamán Gaelach, ó Dúlamán Gaelach, ó Dúlamán Gaelach
Dúlamán na binne buí, Dúlamán Gaelach, ó Dúlamán Gaelach, ó Dúlamán Gaelach X2
Curfá
Dúlamán Gaelach…
II
A ‘níon mhín ó, sin anall na fir shúirí
Dúlamán Gaelach, Dúlamán Gaelach
A mháthair mhín ó, cuir na roithléan go dtí mé
Dúlamán Gaelach, Dúlamán Gaelach
III
Bróga breaca dubha ar an Dúlamán Gaelach
Dúlamán Gaelach, Dúlamán Gaelach
Tá bearéad agus triús ar an Dúlamán Gaelach
Dúlamán Gaelach, Dúlamán Gaelach
Curfá
IV
Tá bróga breaca dubha ar an Dúlamán Gaelach
Dúlamán Gaelach, Dúlamán Gaelach
Tá dhá chluais mhaol ar an Dúlamán Gaelach
Dúlamán Gaelach, Dúlamán Gaelach
Curfá…
|
||||
7. |
Uiseog
05:49
|
|||
|
(Gaelg Vanninagh / Manx)
Curfá
Ushag Veg Ruy ny moanee doo
Ny Moanee Doo, ny moanee doo
Ushag Veg Ruy ny moanee doo
C’raad chaddil oo riyr ‘syn oie?
I
Chaddil mish riyr er baare nan gcrann
Er baare nan gcrann, er baare nan gcrann
Chaddil mish riyr er baare nan gcrann
Ach oh va mi chadal chomh scith
II
Chaddil mish riyr er baare y crouw
Er baare baare y crouw, er baare baare y crouw
Chaddil mish riyr er baare baare y crouw
Ach oh va mi chadal chomh scith
Curfá
III
Chaddil mish riyr eddyr daa guillag
eddyr daa guillag, eddyr daa guillag
Chaddil mish riyr eddyr daa guillag
Ach oh va mi chadal chomh seimh
Curfá…
|
||||
8. |
Dorn San Aer
06:00
|
|||
|
Is muidinne na Gaeil,
Is iad ár sinsear na Fianna,
A bheas beo go buan,
Nár umhlaigh riamh roimh Ghall.
I measc na nGael, seasann muid ar son daoine bundúchasacha ar fud fad an domhain,
Ar ghoideadh, a dteangatha, a dtírtha agus a slí bheatha, in ainm choilíneachais
Ní dhuine aonair é an namhaid, is córas é,
A scarann agus a chuireann faoi chois muid,
‘Sé chúis leis an cinedhíothú sa Phalaistín
‘Sé ainm an chórais sin ná An Chaipitleachas.
Don lucht rachmais,
Tá teachtaireacht againn daoibh:
Sinne Éire Páganach
Agus in ainneoin bhur seacht ndícheall,
Tá muid go fóill anseo.
Iompraíonn muid linn díoltas ár sinsir
Agus táimid ag teacht i bhur gcoinne.
|
||||
9. |
Caoineadh Eoin Búrcach
05:10
|
|||
|
I
Ó fúist a 'níon agus ná bí cráite
Nach fusa fear eile a fháil ná dís deartháir
Tá súil ‘s a rí agam, gur iad mo chlann a tháinig
Agus an Búrcach an chúl-duine a fágadh
II
Tá súil is a Rí agam gur iad do chlann a fágadh
Donnchadh fionn gheal, chéad mhac mo mháthra
Agus an Búrcach a theacht ón ghabhadh
Nach leis fhéin a ba thrua mo chás-sa
III
A mháithrín dílis, can mar is cóir duit
Nach é do chliamhain uasal óg é
Ní hé mac mná na mbailteacha móra é
Is ag an iarla in a chliamhain ba chóir é.
IV
Nach é a dhéanfadh mo cheann a dheasadh
Nach é a dhéanfadh mo bhróga a bhreacadh
Is leis go ndéanfainn-se casóid m’ocrais
Nuair nár mhór uaim féin ghlacadh.
V
Ó druidigí thart, mná na gclóca
Seo feoil chugaibh is chan feoil chóir í
Ní hé feoil mhuice ná caora rósta
Ach an Búrcach i dtús a óige
|
||||
10. |
Spéic Seoigheach
05:00
|
|||
If you like Huartan, you may also like: